Micheal Breathnach Name Squad For Iomain Cholmcille – Gaelic Shinty / Hurling International in Skye | |
21 March 2012 The Micheal Breathnach squad has been named for the fifth running of Iomain Cholmcille, the shinty / hurling international series between Gaelic speakers from Scotland and Ireland, which is to be held at Pairc nan Laoch, Portree, Isle of Skye on Saturday 7 April 2012. Sean Ban Breathnach, TG4 broadcaster and chairman of the Hurling Committee said, “This is the fifth time for Cumann Micheal Breathnach to participate in this competition and we have won the cup three times, the first time in Oban in 2007 and the twice at home in Indreabhan.” “Last year's game was the best game between Michael Walsh and Scotland to date and the game was in the balance for long periods but at the end the victory was ours by two points.” “The entire game was broadcast live on Radio na Gaeltachta that day and I'm sure people will be listening in Connemara again this year and we want to bring the cup home again.” “The main Galway Hurling officer, Gearóid ó Lorcáin, was at last year's game and in an interview with Radio na Gaeltachta after the game he said that this game was a great idea and it contributes greatly to the culture and the hurling and of course the relationship between the two teams. It's great to have an Ulster team involved in this year and I’m sure make a significant contribution to sport and fun of the competition.” Sean Bán Breathnach Cathaoirleach Coiste Iomána Mhícheál Breathnach Seo é an cúigiú uair do Chumann Mhícheál Breathnach páirt a ghlacadh sa chomórtas seo agus an corn buaite againn trí huaire, an chéad uair in Oban i 2007 agus sa mbaile in Indreabhán faoi dhó. Ba é cluiche na bliana seo caite an cluiche a b’fhearr idir Mícheál Breathnach agus Alba go dtí seo, agus bhí toradh an chluiche idir dhá cheann na meá ar feadh tréimhsí fada ach ag deire bhí an bua againne le dhá chúilín. Craoladh an cluiche ar fad beo ar Raidió na Gaeltachta an lá úd agus tá mé cinnte go mbeidh muintir Chois Fharraige ag éisteacht arís i mbliana agus muid ag iarraidh an corn a bhreith linn arís. Bhí príomh oifigeach Iomána na Gaillimhe Gearóid ó Lorcáin i láthair ag cluiche na bliana seo caite agus in agallamh le Raidio na Gaeltachta tar éis an chluiche dúirt sé gur iontach an smaoineamh an sort seo cluiche bheith ar siúl agus go gcuidíonn sé go mór leis an gcultúr agus leis an iomáint agus ar ndóigh an caidreamh. Is iontach an rud é go mbeidh foireann as Cúige Uladh páirteach i mbliana agus cuirfidh siad go mór le sport agus spraoi an chomórtais. Bhí bliain iontach ag an bhfoireann iomána againne i 2011 agus don chéad uair riamh bhuamar Craobh Sóisir an Chontae. Mar gheall ar an mbua sin bhí muid páirteach i gCraobh na hÉireann sa rannóg sóisir. Faraor theip orainn le cúilín amháin sa chluiche leathcheannais. Beidh formhór na foirne sin linn in Alba agus mar sin tá muid dóchasach go mbeidh an corn á thabhairt abhaile linn go Conamara arís. Tá na leaids ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine agus anois le aithne agus cairdeas idir muid fhéin agus foireann Alba, tá ceangal buan bunaithe againn idir cultúr, teanga, ceol agus spórt . Ba mhaith liom, ar son Coiste Iomána Mhícheál Breathnach, buíochas a ghlacadh le Colm Cille as ucht a gcuid tacaíochta, agus go háirithe le Eoghan Stiubhairt as a chuid oibre, agus leis na imreoirí go léir as a gcuid cineáltas agus cairdeas linn i gcónaí. Foireann Mhícheal Breathnach
1 Diarmaid O Ceallaigh (captain) Scolaire NUI Gaillimh
2 Colm "Cábla" Ó Cuív Scolaire NUI Maigh Nuad
3 Seamus Jimmy Ó Fatharta Scolaire Abhár Muinteoir
4 Jack Mac Giolla Bhríde Cuntasóír
5 Enda Ó Tuathail Súinéir
6 Antaine "Barranliosta" Ó Finneadha Múinteoir Meanscoile
7 Adrian " Dora" O Tuathail Feidmeannach Margaíochta
8 Cian "Ryano" Ó Gríofa Muinteoir Bunscoile
9 Pádraic Mac Giolla Bhride Scolaire Ollscoil Dundee
10 Oisín Ó Ceallaigh Scolaire NUI Gaillimh
11 Sean Denvir Scolaire NUI Maigh Nuad/Muinteoir Bunscoile
12 Gearóid Ó Finneadha Scolaire/Amhrannaí
13 Cárthach Bán Breathnach Scolaire NUI Maigh Nuad/ Aisteoir
14 Breandán Mhaidhc Ó Conghaile Inealltóir Monarcháin
15 Éanna O Griallais Scolaire
16 Kevin Mhaidhc Ó Conghaile Scolaire/Ceannathóir Beathíghe agus Asail
17 Máirtín "ahahaha" Ó Tuathail Scolaire/Laoch Aitiúl
18 Dáithí Ó Gaora Innealtóir Monarcháin
19 Tadhg Ó Domhnallain Pleanálaí Cóisir
Foireann Bainistíochta - Managers Mícheal Ó Suilleabháin Conall Ó Ceidigh |